Celtic Lyrics Corner > Artists & Groups > Domhnaill Family > Idir An Dá Sholas > Ar A Ghabhail Chun An Chuain Dom
|
Ar A Ghabhail Chun An Chuain Dom |
| Credits : | Traditional; arranged by Maighread Ní Dhomhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill & Dónal Lunny |
| Appears On : | Idir An Dá Sholas |
| Language : | Gaeilge (Irish Gaelic) |
| Other Versions : |
"
Ar A Ghabhail 'N A 'Chuain Damh
" on Clannad's album Crann Ull
" Béal Atha h-Amhnais " by Na Filí on the Gaelic Ireland compilation |
| Lyrics : | English Translation : |
| Ar a dhul chun an chuain dom | I walked down by the sea |
| Is mé bhí go huaibhreach | Right wearily |
| Tinn lag buartha i m'intinn | My heart, it was tormented |
| Bhí mé ag féachaint uaim ar an spéir aduaidh | From a northern sky the small clouds did fly |
| Is í éalú uaim ina trealltaí | And sorely I lamented |
| Ach faraor géar géar | I'm sorry now I swear |
| Is mé an ceann gan chéill | That I didn't care |
| Níor ghlac mé comhairle mo mháithrín féin | To heed my mother's caution |
| Nuair a dúirt sí liom tríd chomhrá ghrinn | She spoke to me fair saying don't venture there |
| Go Béal Átha hAmhnais ná triall ann | Don't go the road to Ballyhaunis |
| Ach ba mhón a thug mé grá | Yet dearly did I love |
| Do mo chúilfhionn bán | My fair-haired girl |
| An lá breá ar chúl an gharraí | In the garden that morning early |
| Is do bhéilín tláith mar chuar na trá | Your lips as tender as the foam on the ocean's rim |
| Is do ghrua chomh dearg leis an chaorthainn | And cheeks like red haw-berries |
| Chuir mé lámh ar an cúm | I put my arm around your waist |
| Is bhí mo chroí lán gruaim | But my mind knew no ease |
| Ag ceiliúr caoin na n-éanlaith | Though the small birds sang so gaily |
| Is nach trua gan mise ag éalú leat | I wished we were going under white sails blowing |
| Faoi rópaí is seoltaí séidte | Be it fair or stormy weather |
| Oró a chuid is a rún | My own heart's dear |
| Dá ngluaisfeá ar siúl | If you'd come away |
| Go tír na long as Éirinn | To that land of ships from Ireland |
| Níl tuirse croí ná tinneas cinn | There's no heartache nor there's no pain |
| Nach leigheasfaí ann gan amhras | That wouldn't find a cure for certain |
| Nó ba tú mo rogha inniu is inné | You are the one I've always loved |
| Agus coinnigh agat féin ón bhás mé | So save me now from dying |
| Nó gan grásta Dé ní mhairfidh mé | For without God's grace I'll never survive |
| Ar an tsráid seo i mBéal Átha hAmhnais | On this street in Ballyhaunis |